PDF image of Issue No. 1 of Convention newspaper:
Is léir go bhfuil an tír seo saibhir, cé nách deirtear go rómhinic é, agus b’fhéidir gurb é sin an fáth go bhfuil suim ag an gcóras idirnáisiúnta airgeadais ionainn?
Tá bia á sholáthair againn do leath an Aontas Eorpaigh (AE) agus taobh amuigh de sin freisin. Ag an am céanna nílimid ag baint úsáid ceart as na farraigí timpeall orainn, tá siad tabhartha ar lámh dos na tíortha eile sa AE. Chomh maith leis sin, le blianta beaga anuas, tá sé soiléir go bhfuil neart saibhreas againn faoin talamh, ar thír agus faoi uisce, tá gás ann agus ola. Is ár saibhreas dúchasach é seo, agus tá daonra óg againn atá oilte i ngach teicneolaíocht agus iad ag lorg oibre.
Ach tá na hógánaigh ag dul ar imirce, níl slí bheatha anseo dóibh, is baolach.
Cad atá cearr?
Cén fáth nach bhfuil na daoine óga san ag obair i dtionscadal dúchais, seachas bheith ar imirce? Cén fáth go bhfuil easpa d’aon seirbhís dos na saoránaigh gur leo an saibhreas seo? Cén fáth go bhfuil muid ag brath ar mairigí idirnáisiúnta airgeadais agus lucht na bannaí?
Deireann na húdaráis nach bhfuil malairt slí ann… go gcaithfimis géilleadh don léirscrios seo atá orainn.
Más fíor son tá muid i bponc ceart.
An iad seo polasaithe na ndaoine atá á chur i bhfeidhm ag an rialtas? An iad seo na polasaithe ar chaith muintir na tíre seo a vótaí san olltoghchán? Is cuimhin linn an ráiteas “Labour’s way” in áit “Frankfurt’s way”, ach cad a tharla?
Ní hé toill na ndaoine atá ag rialú sa tír seo, ní hiad na saoránaigh atá i gcumhacht! Tá ár gcórais daonlathais curtha amú, goidte uainn, ag na páirtithe polaitiúla ar mhaithe leo féin.
Tar éis féachaint ar na ceisteanna seo le tamall, tá sé lán soiléir nach bhfuil ins na páirtithe polaitiúla, gach aon cheann acu, ach clubanna príobháideacha. Is cuma cén brat atá ardaithe acu, bíodh sé glas nó dearg, gorm nó buí, nó ón eite chlé nó deis iad, nó beag nó mór iad. Tá na páirtithe go léir mar an gcéanna i slí thábhachtach – ní ghlacann siad le ceannasaíocht an phobail sa chóras daonlathais. Dá nglacaidís, ní bheadh ‘whip’ ann, ní bheadh an córas toghchánaíochta eagraithe i bhfábhar na bpáirtithe (rud atá míbhunreachtúil). Dá mbeadh daonlathas ann, bheadh smacht ag an bpobal ar ár dTeachtaí Dála agus ceart againn iad a aistarraingt ón Dáil mura bhfuileamar sásta leo, agus gan aon ghá fanacht ar feadh cúig bliain eile!
Níl aon cheann de na páirtithe chun teacht mar shlánaitheoir orainn, is fúinn féin atá sé chun seasamh a thógaint agus a bheith eagraithe roimh an chéad toghcháin eile.
Is é toill an phobail ar cheart a bheith ag rialú sa tír.
Is é sin bunús an daonlathais.