THE PEOPLE'S PAPER

Eagarfhocal Uimhir 056

Feall a dhinneadh orainn i dTeach Laighean nuair a ghlac an Rialtas leis an gconradh nua Eorpach maidir le hinimirce.

Tá cuid eile dár flaithais tabhartha ar lámh acu don Aontas Eorpach, ’sé sin ceannas ar theorainn an stát, agus cé a thiocfaidh isteach chugainn, agus é sin ar fad faoi bhagairt pionós airgeadais mura nglacann muid leis amach anseo.

Cén fáth an ngéillfeadh aoinne a shaoirse ins an tslí seo?
Caithfidh gur faoi bhagairt atá’d féin, an lucht rialtais, nó faoi chomaoin de saigheas éigean ag na bucanna móra ar an Mór-Roinn.

Ach nach mar sin atá, agus a bhí, ó aimsir bhunaigh an Stát i 1922?

Is ar feall a bhunaíodh an stát, agus is ar an bprionsabal céanna atá siad ag feidhmiú ó shin.

Seasann formhór pobail na tíre i gcoinne ‘teorann oscailte’ agus polasaí an rialtais i dtaobh inimirce, ach ba chuma leo.

Ní hé ar dhaonlathas atá siad a brath, ach ar fhorlámhas agus caimiléireacht, agus, ag deireadh, ar fhoréigean más gá, chun a chumhacht a choimeád.

Ach níleamar buailte fós…