THE PEOPLE'S PAPER

( from Issue #76, October 2026 )

Eagarfhocal

Ní haon ionadh é, ach gur don lucht saibhir amháin atá Cáin Fhaisnéis na bliana 2027 dírithe.

Tá an córas geilleagair chéanna, atá againn le fada anois, le leanúint. Is córas é seo atá ceangailte le grúpaí suimithe dúchasach agus grúpaí ón iasacht, tá Éire ghafa ag na buaiceanna móra seo cheana féin. Is iad an tAontas Eorpach, na hOllbhainc idirnáisiúnta agus na comhlachtaí móra domhanda a dhíríonn polasaí fioscach agus cáin fhaisnéiseach Éireann – is leo ár ngeilleagar, i ndáiríre.

Cé go bhfuil tír lán de hacmhainní luachmhaire againn, níos mó ná mar a bheadh ag teastáil ag aon náisiún dár leithéid, níl na hacmhainní seo in úsáid ar leas muintir na tíre.

Ag dul isteach don Dáil ar mhaidin na Cáin Fhaisnéise dúirt an tAire Airgeadais go rabhadar ag súil le farasbarr de €9.5 billiún don bhliain 2027.

Ach fós, beidh ísliú ar luach ioncaim formhór na teaghlaigh sa tír – fiú má bhfaigheann siad ardú ioncaim, beidh aon mhaitheas caillte le hardú níos mó insan an ráta boilscithe.

Conas nach féidir leo plean cuimsitheach a chur le céile, leis an bhfarasbarr sin, chun tithíocht phoiblí a chur ar fáil don líon mór teaghlaigh atá cláraithe go hoifigiúil agus gan dídean? Níl á dhéanamh acu ach ag iarraidh dallamullóg a chur orainn arís, scéimeanna airgeadais anseo is ansiúd, in ainm is a bheith a thabhairt cabhair do dhaoine.

Féach ar an ngraf ag bun an leathanaigh seo, deireann sé sin cad atá tarlaithe le tithíocht le blianta anuas.

Ceann des na pointí a dhéanann muid i gcónaí ná, ní cheart do rúndacht a bheith thar timpeall ar an phróiseas mar atá, ba cheart sonraí na Cáin Fhaisnéise a chur amach os comhair an phobail a bhfad roimh iad a dhaingniú – chun deis a thabhairt don phobal a tuairimí a thabhairt, nó chun iad a cheistiú.

Please SHARE on your Social Media platforms ...
Facebook
Twitter
LinkedIn
Telegram
WhatsApp
Email