( from Issue #75, July, August & September 2026 )
Eagarfhocal
Má raibh sampla ag teastáil, nó comhartha éigean chun taispeáint dúinn cá seasann an stát agus cad iad na luachanna atá tábhacht dó, tugann cás agus tragóid Bessborough dúinn é.
I bhForógra na Poblachta i 1916 gealladh go gcoimeádfar gach leanbh an náisiúin ar chomhchéim. Gealladh gur le muintir na tíre, muidne, gach rud ar nó faoin talamh, i bhfarraige nó sa spéir – gur linne gach rud, gach acmhainn agus áis.
Nuair a ghlacamar, ar ár leas féin, Bunreacht na hÉireann, dúramar gur againn agus ar ár mhaitheas féin atá stát ann ar chur ar bith.
De réir an Bhunreachta, is le muidne, pobal na tíre, na saoránaigh, atá an focal deiridh maidir le polasaí an stáit a shocrú – ach ní mar sin a tharlaíonn sé, ní iarrann aoinne faic orainn ach chun vóta a chaitheamh gach cúpla bliain. Agus, fiú amháin ansin, nuair a thagann toghcháin ní bhíonn an deis chéanna ag an ghnáth saoránach is a bhíonn ag na Páirtithe Móra – úsáideann siad airgead poiblí chun a cás féin a chur chun tosaigh agus d’eagraíonn siad na meáin agus chuile rud eile ar a thaobh féin.
Is féidir leo é sin a dhéanamh mar is leis na buaiceanna móra airgeadais a sheasann siad, agus is ar a shon atá an stát á rialú acu – níl baint ar bith le daonlathas leis.
Is é sin an fáth go dhinneadh neamhaird agus níos measa ar leanaí i mBessborough, agus nár thugadh fiú is uaigh i gcré beannaithe dóibh, nó aitheantas d’aon saghas. Tharla an rud céanna is dTuaim agus ins na tithe eile, tharla an rud céanna i dTithe Níocháin Mhaighdiléana agus ins na Scoileanna Tionsclaíocha.
Is náir orainn go léir é seo.