( from Issue #74, June 2026 )
Eagarfhocal
Arís is arís eile, tagann sé chugainn, go bhfuil staid ár náisiúin lag nó in easnaimh rud suntasach.
Beadh Tomás Dáibhís, ón ngluaiseacht Éire Óg, faoi bhrón agus croí briste, tar éis dó an t-amhrán cáiliúla sin a thabhairt dúinn – A Nation Once Again – agus é ag samhlú cad a tharla ó shin.
Níl neamhspleáchas againn, ó thuaidh nó ó dheas. Tá críochdheilt ar Fódhla, tá muid féin scartha óna a chéile, agus, den chuid is mó, tá muid curtha amú, go polaitiúil, ó thaobh thuiscint cad atá le déanamh.
Cloisimid ins na meán, nó ón rialtas i dTeach Laighean, i scéal amháin nó scéal eile, go bhfuil easpa cumhachta againn, nó go bhfuil a lámha ceangailte maidir le nithe áirithe den saol nó den tsochaí, agus tá muid ag glacadh le sin, de réir chosúlachta.
Is fíor go bhfuil formhór de dhlíthe na tíre ag teacht chugainn ón Eoraip, agus níl le déanamh i dTeach Laighean ach iad a stampáil – rud nach féidir leo diúltú, nó cuirfear dlí agus pionós orthu.
Ach tá sé cinnte, fós, go bhfuil daoine inár measc atá gach cuid chomh tiomanta don tsaoirse agus ár neamhspleáchas is a bhí an Dáibhíseach – ach an fhadhb atá ann ná nach bhfuilimid aontaithe.
Agus nach é seo bunús gach aon rud atá cearr sa tír, fad is atá easaontas eadrainn beidh a lá ag ár naimhde. Ach is fusa é sin a rá ná leigheas a chur air… ach níleamar ina hiomlán caillte faoin fhadhb.
Nach bhfuil sé in am dúinn na cúiseanna d’ár n-easaontas a chur uainn?
Go seasaimid mar Éireannaigh – níl gá le faic eile…….