THE PEOPLE'S PAPER

( from Issue #73, May 2026 )

Eagarfhocal

An bhfuil rud ar bith le foghlaim ón gcogadh san Iaráin ?

Má bhfuil, caithfidh go dtaispeánann sé dúinn go bhfuil deireadh tagtha le ceannasaíocht Meiriceá ar pholaitíocht an Meán Oirthear – agus rudaí eile leis.

De réir an tsoiscéal, cheap an domhain uile nach raibh sé de chumas ag aoinne seas i gcoinne SAM.

Dúradh go raibh ardteicneolaíocht acu ina fórsaí armtha nach raibh ar fáil taobh amuigh d’aoinne eile.

Ach, mar a thaispeáin Garda Réabhlóideach Phoblacht Ioslamach na hIaráine dúinn, is féidir SAM a bhuaileadh.

Chonaiceamar an rud céanna in Afganastáin, áit ar ruaigeadh glan na Meiriceánaigh, scriosadh iad – tharla an rud céanna i Vietnam na blianta ó shin – is féidir SAM a bhualadh.

Níl tír ar domhain a dhéanann an infheistíocht chéanna in armlón nó trealamh cogaidh is a dhéanann SAM, nó ghar de fiú amháin.

Gan dabht, tá na saineolaithe is fearr ag SAM, agus ceannaíonn siad rud ar bith nach bhfuil acu. Ag an am céanna cuireann siad srian nó bac ar thíortha eile atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh taobh amuigh dá ceannasaíocht, nó ar bhonn neamhspleách éigean.

Ach, taispeáin na hIaráinigh nár gá mór chuid airgead a chaitheamh ar lón cogaidh chun bheith éifeachtúil.

Ní raibh ach costas timpeall is $30,000 ar drone na Iaráine, i gcomparáid leis na $ milliúnaí a bhí á gcaitheamh ag SAM.
Rud eile a thaispeánadar ná gur féidir falla cosanta is nua-aimsirí a bhriseadh nuair a dhéanann tú ionsaí drone ina mbuíonta, agus tharla sin ar chostas réasúnta íseal.

Is léir nach raibh SAM in ann féachaint thar rialacha a gcóras cogaíochta féin, agus iad a bhfad ó bhaile.

Ach, ní fheadar an bhfuil an scéal scríofa ina hiomlán fós… feicimid.

Please SHARE on your Social Media platforms ...
Facebook
Twitter
LinkedIn
Telegram
WhatsApp
Email