( from Issue #72, March 2026 )
Is léir go bhfuil réim na Náisiúin Aontaithe mar chosantóir na síochána tagtha chun deiridh, níl cumhacht acu chun beartas a Chonradh Bhunaigh féin a chur i gcríoch, fiú amháin.
Is é cheart crosta na cumhachtaí móra carraig bháis na heagraíochta.
Bhí sé seo ag teacht le fada, ach le cúpla mhí anuas tá sé glan soiléir.
Níor dhineadar faic, ach caint, chun cosaint a dhéanamh ar na Palaistínigh agus iad faoi chine dhíothú.
Agus nuair a thánaigh sé chun socrú síochána ghéilleadar arís, agus d’fhágadar Trump agus Netanyahu i gceannas ar Gaza fad is ar mhaith leo.
Nuair a tháinig an ‘Board for Peace’ le céile, cad é an chéad rud a dhineadar, ach chun cinntiú gurb é Trump féin a bheidh mar cheannaire acu, fiú nuair a éiríonn sé as uachtaránacht Mheiriceá.
Ina dhiaidh sin, is chun cogaíocht a chuaigh Trump arís, le hionsaí mí dhleathach, agus mí ionraic, ar Phoblacht Ioslamach na hIaráine.
Is ón lámh láidir anois a thagann an dlí idirnáisiúnta – as béal ghuna.
Is léir go bhfuil ré nua sroichte againn i bpolaitíocht an domhain, ní bheidh sé mar a bhí go deo arís.
Is léir freisin go bhfuil na mílte chun bheith maraithe sula gcríochnaíonn an cogadh seo, agus níl sé cinnte cén toradh a bheidh leis.
Is cúis náire dúinn go bhfuil an Taoiseach ag dul chuig an Teach Bán chun cheiliúra a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig – suífidh sé i gcomhionannas agus i gcomhpháirtíocht le Trump – an sceimhlitheoir agus faisisteach.
An leithscéal atá ann ná go bhfuil gnó le déanamh againn i Meiriceá agus go gcaithfimid idirdhealú a dhéanamh idir polaitíocht agus cúrsaí ghnó – más fíor is bocht an pholaitíocht é…