THE PEOPLE'S PAPER

( from Issue #71, February 2026 )

Eagarfhocal

Tá dreamanna sa stát agus, dár leo, is le Meiriceá a chaithimid seasamh chun teacht ar aon réiteach ar fhadhbanna na tíre. Is grúpaí iad a baineann úsáid as an meanma MIGA, i ‘Make Ireland Great Again’, mar mhacasamhail ar MAGA a úsáideann Donald Trump.

Dár leo, is slánaitheoir an domhain é Trump, mar tugann sé cic sa tóin don lucht rachmais, na meán agus an bhunaíocht pholaitiúil agus go gcuireann sé Meiriceá chun tosaigh, roimh aoinne eile, le ‘America First’.

Ach, tá a fhios againn, ní mar a shíltear a bhítear … ó thaobh polaitíochta de níl i dTrump ach sciathán amháin d’éan, leis an Páirtí Daonlathach ar an taobh eile. Tá sé ar nós drámaíocht ar siúil eatarthu, bréag mhór, chun dallamullóg a chur ar aicme oibre Meiriceá agus ar an phobal dhomhanda araon.

Agus, go dtí seo ar aon nós, tá ag éirí leis an mbréag sin… cé go bhfuil muintir Mheiriceá ag iompú anois, agus iad faoi lámh ladair ICE agus faoi géar-chéim eacnamaíochta. Tá pobal Meiriceá ag féachaint ar na billiúin $ á gcaitheamh ar lón cogaidh agus ar cogaíocht i dtíortha thar lear, fad is atá mór chuid dóibh féin i ngan chuid.

In ainneoin go bhfuil tacaíocht Meiriceá thugtha don Iosrael don chinneadh dhíothú i gcoinne na Palaistínigh, tá dreamanna sa tír seo fós ag tacú le Trump.  Deireann siad gur cuma leo aon rud ach amháin Éire, dearcadh atá cúng agus frith-daonnacht …

Ní hé seo an tsamhlaíocht ná teoiric-shóisialta atá fágtha dúinn ag ár sinsear, ní hé sin an dearcadh a bhí ag na hÉireannaigh Aontaithe nó ar an bPiarsach nó ag Séamus Ó Conghaile i 1916.

Please SHARE on your Social Media platforms ...
Facebook
Twitter
LinkedIn
Telegram
WhatsApp
Email