THE PEOPLE'S PAPER

( from Issue #68, October 2025 )

Eagarfhocal

Cad a deirimid faoi nuair a ghlacann formhór mór na stáit ar domhan, baill des na Náisiúin Aontaithe (NA), go bhfuil Iosrael ciontach as cinedhíothú le dhá bhliain anuas?

Cad a deirimid faoi nuair atá a fhios ag an saol uilligh nárbh bhféidir le hIosrael an cinedhíothú sin a dhéanamh, ná faic eile cosúil leis, ná cogaíocht d’aon saghas, gan chabhair, gan airgead agus gan beannú ós na Stáit Aontaithe?

Tá tuairisc nua foilsithe ag na NA ina gcuireann siad milleáin don chinedhíothú ar Netanyahu agus a lucht rialtais, deireann siad go bhfuil 72 leathnaigh ann agus gur thóg sé an dá bhliain chun an fhiosrúcháin a chríochnú … cad a bhí ar siúl acu, gur thóg sé chomh fada son?

Bhí, agus tá fós, an léir scrios le feiceáil go laethúil ar na meáin ar fad.

Anois, ar tí conradh síochána na Meiriceánaigh teacht i bhfeidhm, seachnaíonn Rúnaí Ginearálta na NA na Palaistínigh go gcaithfidh siad glacadh leis. Níl aon chaint uaigh go bhfuil bun rialacha na NA sáraithe arís is arís eile ag Iosrael, agus ag na Stáit Aontaithe, nó ar an bhfeall leanúnach atá déanta acu ar an dlí idirnáisiúnta.

Cad a dheirimid faoi?

Déarfaimid go bhfuil muintir an Phalaistín tréigthe ag an domhan, is é sin, ag rialtais an domhan agus na NA.

Iarrfaimid, cé fáth nach gcuireann siad an Chomhairle Slándála ar leataobh, is ansin atá an veto a chuireann bac ar gach rud?

Tá dhá rud ag teastáil, dár linn:

1 Caith Iosrael agus na Stáit Aontaithe amach as an eagraíocht.

2 Chuir airm idirnáisiúnta chuig an Meán-Oirthear chun dian-smacht a chur ar Iosrael agus chun cosaint agus faoiseamh a thabhairt don Phalaistín.

Seasann cosmhuintir an domhain 100% le muintir an Phalaistín.

Mura bhfuil cás saoirse an Phalaistín chomh práinneach chun sin a dhéanamh anois, cén úsáid dúinn na NA in aon chur?

Please SHARE on your Social Media platforms ...
Facebook
Twitter
LinkedIn
Telegram
WhatsApp
Email