( from Issue #67, September 2025 )
Eagarfhocal
Tá an tAontas Eorpach ag ullmhú chun cogaíocht, tá ciste €8 mbilliún mar sprioc acu le haghaidh ath-armú a dhéanamh idir seo agus 2030.
Is ár n-airgead é seo, agus muidne in ainm is a bheith neodrach agus neamhspleách.
Ach, gan trácht ar airgead, cá bhfuil an daonlathas i seo?
Is iad na sean cumhachtaí impiriúlacha atá chun tosaigh sa bheartas seo, agus iad ag féachaint soir ar an Rúis, arís…
Sa Ghearmáin tá an sean-comhlacht airm, Rheinmetall, tar éis monarchan nua a oscailt agus iad ag súil le conarthaí ar luach na céadta billiúin Euro a fháil.
Seas Airí Rialtais na Gearmáine (in aice príomh rúnaí NATO) ag an oscailt seo, agus ag an am céanna tá a rialtas ag gearradh siar ar chúnamh leasa shóisialta dá phobail féin.
Is chun 350,000 buamaí breise a chur lena sholáthair iomlána atá Rheinmetall, tá 450,000 a dhéanamh acu cheana, aghaidh na bliana, i monarcha atá acu sa Spáinn. An sprioc atá acu ná chun 1.5 milliúin buamaí, ar 155mm (gunnaí móra!), a dhéanamh go bliantúil nuair a thagann 2027.
Dar leo, tá éileamh mór ar na buamaí seo, don chogaíocht atá ar siúil san Úcráin, agus i bPalaistine. Ach is ag déanamh slad a dhéanamh ar dhaonnacht na tíortha seo atá siad.
Tá na cumhachtaí móra á rá, gur is chun an tsaoirse féin a chosaint atá an caiteachas airgid seo; go bhfuil an Rúis, agus b’fhéidir an tSín ag bagairt orainn… ach nach sin a sean scéal a bhíonn acu i gcónaí?
Is le haghaidh brabús airgeadais atá seo ar fad – luach €300 billiún amháin do Rheinmetall ón monarcha nua seo.