THE PEOPLE'S PAPER

( from Issue #66, July / August 2025 )

Eagarfhocal

Gan aon dabht, is ar son na síochána agus i gcoinne foréigean atá cos mhuintir an domhain, agus muintir na hÉireann araon. Nuair a théann na cumhachtaí móra chun cogaidh, is é an gnáth duine a íocann an praghas lena fuil; agus ag an am céanna bailíonn an uasaicme, an dream gur leo an geilleagar, brabús ón slad agus léirscrios, agus arís ón atógáil a thagann ina dhiaidh.

Tá an fhíric sin le feiceáil arís agus arís eile sa stair, agus fiú amháin inniu.

Ach, cé go bhfuil gach aon saghas cogaíocht uafásach, ó bhun go bar, ní hé sin le rá go bhfuil gach saghas cogaíocht mí cheart. Glactar leis go forleathan go bhfuil sé de cheart ag náisiúin atá faoi chois, nó faoi ionsaí, cosaint a dhéanamh orthu féin, nó troid a dhéanamh ar son a saoirse féin.

Nach é seo a dhineamar féin aníos tríd na nglúnta?

Tá eisceacht eile ann ina gceaptar go bhfuil gá ann don chogaíocht. Is é sin an cinneadh a dhin na Náisiúin Aontaithe, go n-eagróidís féin cogadh i gcoinne stáit a sháródh an tsíocháin mar ionsaitheoir, agus tar éis gach iarracht eile a dhéanamh iad a smachtú go síochánta.

Is mar sin atá muid inniu leis an Iosrael, ní dóigh linn go bhfuil leigheas eile ann, ach amháin chun arm a chur chun iad a stopadh, chun faoiseamh agus ceartas a thabhairt do mhuintir an Phalaistín.

Please SHARE on your Social Media platforms ...
Facebook
Twitter
LinkedIn
Telegram
WhatsApp
Email