( from Issue #65, June 2025 )
Eagarfhocal
Más maith linn tuiscint a fháil ar chúrsaí polaitíochta na tíre, nó an domhan, ní mór dúinn féachaint ar cheist an airgid – cé atá á dhéanamh, agus cé atá ar an gan-chuid.
Feicimid go bhfuil deighilt eadrainn, idir lucht an airgid agus an gnáth duine.
Is ag na cumhachtaí móra atá an saibhreas, agus acmhainní á goid acu i ngach aon áit a dtéann siad. Is mar sin don Rúis san Úcráin, agus is mar sin é dos na Stát Aontaithe agus Iosrael sa Mheán-Oirthear, i nGaza, i Syria agus sa cheantair máguaird.
Tá na mílte á mharú agus cearta daonna, agus dlí idirnáisiúnta, caite ar leataobh.
Ag an am céanna, tá na milliúin, i ngach cathair ar domhan, ag léirsiú i gcoinne seo – ach níl aird tabhartha dóibh. An ag snámh in aghaidh an easa atá siad, mar tá an chosúlacht sin air?
Is é ár sean namhad, airgead, atá mar bhunús des na fadhbanna seo ar fad.
Scéal suimiúil a d’fhoilsíodh le déanaí ná go raibheamar féin tar éis €18 billiún a chaitheamh, ón mbliain 2020, ar ús ar na fiachais stáit atá againn. Samhlaigh sin mar shampla amháin den saibhreas atá á sú ón dtír seo ag na bainc mhóra.
Tá an domhan gafa acu, tá Éire ghafa acu… go fóill…