( from Issue #64, May 2025 )
Eagarfhocal
Ag deireadh Mí Aibreáin, bhí timpeall is 80,000 duine ar sráideanna Baile Átha Cliath ag léirsiú i gcoinne polasaí an rialtais – dírithe ar an inimirce is mó, ach ar na fadhbanna uile, i gcúrsaí tithíochta, sláinte, bochtanais srl.
Ní gá dúinn ach éist leis na daoine, tá imní ar 99.9% acu do thodhchaí na tíre, a chlanna agus cad atá rompu amach anseo.
Is léir nach bhfuil aon mhuinín i measc an phobail don Rialtas, ní ró minic a bhíonn a leithéid d’agóid ar na sráideanna. Ach, is léir freisin nach bhfuil deireadh leis an bhfeachtas, tá a thuileadh léirsithe le teacht, i gCorcaigh ar an 7 Meitheamh agus in áiteanna eile.
Beadh sé éasca seasamh siar uathu, tar éis don Rialtas agus an eite-‘chlé’ (mar dhea) iad a cháineadh agus a mhaslú, ag maíomh gur den eite-dheis iad agus baint acu le ciníochas.
Ach, beadh botún déanta, dár linn, mar níl ins na léirsitheoirí ach gnáth daoine ag iarraidh go n-éistfear leo.
Ach, tá fadhb ann ag an am céanna, mar níleamar eagraithe ar bhonn cheart.
Dá bhrí sin, tá eilimintí ó lucht leanta an eite-dheis inár measc agus caithfimid bheith faireach.
Ní thabharfaimid aon aird don mhionlach ciníochais; seasfaimid lenár gcearta náisiúnta agus lenár gcearta mar shaoránaigh an stáit.