( from Issue #63, April 2025 )
Eagarfhocal
Ba mhaith linn teacht chugaibh le dearcadh nua i dtaobh comóradh traidisiúin ár sinsear. Is pobal muid a choimeádadh faoi chois chomh fada sin, nach mór ocht gcéad bliain.
Tá sé de nós ag poblachtaigh bheith ag déanamh comóradh ar ghníomh ár shinsear, ar chathanna, ar eachtraí tragóideacha, agus lán ceart go ndéanaidís. Tá an traidisiún céanna le feiceáil inár bhfilíocht, inár gceol agus ins na hamhráin, arís, is deas agus is ceart é seo.
Ach, uaireanta bíonn daoine tógtha leis an ‘féachaint siar’, agus gafa ann.
Tuigeann muid nach féidir le gach aoinne bheith amuigh i mbun gníomh poiblí, nó ag seasamh in aghaidh an tsean-namhad. Ní dhineann aoinne ach de réir mar is féidir leo.
Le déanaí tá muid tar éis glacadh leis an mhana “don todhchaí”, inár gcuid oibre, mar fhocal faire.
’Sé is cúis le seo ná go gcaithfimid smaoineamh ar na haidhmeanna a bhí ag ár shinsear, ach nár éirigh leo an sprioc a bhaint amach, is é sin, an Phoblacht a chosaint agus a thógadh in ainm na daoine.
Tá an gníomh sin fós le críochnú agus, fad is atá muid ag féachaint siar, ba cheart súil eile a choimeád ar an todhchaí – ar an sprioc sin atá amach romhainn fós.
As seo amach, is le sin inár n-intinn a bheimid ag caitheamh Lile na Cásca.