( from Issue #62, March 2025 )
Eagarfhocal
Más ag dul i dtreo an tríú cogadh domhanda atá muid, agus tá gach cosúlacht ann go bhfuilimid, ní mór dúinn ullmhú chuige sin.
Anois, tá Bille curtha os comhair na Dála chun fáil réidh leis an nglas triarach. Tháinig sé seo tar éis na mblianta ina ndúirt polaiteoirí nach dtarlódh a leithéid, ach tá sé tarlaithe.
Má éiríonn leo (an Rialtas) deireadh a chur leis an riail neodrachta seo, ciallaíonn sé go mbeidh an stát in ann fórsaí mílithe a chur thar lear, ag obair leis an Aontas Eorpach nó fiú faoi cheannas NATO. Tá muid tar éis saighdiúirí a chur thar lear cheana faoi cheannas NATO / AE, ach níl cead, faoi láthair, níos mó ná dosaen a chur.
Chun níos mó ná sin a chur thar lear tá cead ag teastáil os na Náisiúin Aontaithe, agus is é sin atá an rialtas ag iarraidh deireadh a chur leis.
An é seo atá ag teastáil uainn chun muid féin a chosaint i gcomhthéacs cogadh Eorpach nó domhanda?
Ní dóigh linn go ndéanfaidh airm na tíre seo difríocht ar bith i gcogadh Eorpach, nó in a leithéid.
Tá seasamh maith againn mar stát neodrachta, mura bhfuil sé seo scriosta cheana ag an rialtas seo, tríd a ráitis i gcoinne na Rúise.
Ní mór dúinn bheith cúramach.