( from Issue #61, February 2025 )
Eagarfhocal
Má raibh freagra uainn ar Trump tá sé againn anois, is faisistí é.
Nuair a dhin sé an preas agallaimh sin, in éineacht le Netanyahu, ní ag caint go neamh fhirmeálta a bhí sé, thug sé a ráiteas ó scríbhinn a bhí aige, réitithe roimh ré.
Ní tharlaíonn a leithéid ach tar éis dian smaoineamh a dhéanamh.
Bunaíodh na Náisiúin Aontaithe ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, chun an tsíocháin idirnáisiúnta a chinntiú, agus socraíodh cúpla bunphrionsabal chuige sin, ar bharr an liosta bhí:
Ceart gach náisiún chun féinriail agus saoirse.
Go socrófar aon aighneas idirnáisiúnta go síochánta, agus mura féidir é sin a dhéanamh, go seasfadh na náisiúin uile i gcoinne na hionsaitheoirí. Tá veto ag na cumhachtaí móra ins na Náisiúin Aontaithe, mar sin, ní tharlaíonn faic dháiríre mura nglacann siad leis.
Is é sin atá tarlaithe anois, agus tá na Palaistínigh scriosta agus tréigthe.
Cén fáth nach bhfuil Iosrael agus Stáit Aontaithe Mheiriceá casta amach as na Náisiúin Aontaithe ar fad?
Cén fáth nach bhfuil fórsa míleata curtha isteach i nGaza agus ar an mBruach Thiar chun smacht a chur ar Iosrael agus na Meiriceánaigh agus iad a stopadh? Is trua nár dhin.