( as eagrán uimhir #060, Eanáir 2025 )
Eagarfhocal
Cuireadh tríocha ceathair baill d’Óglaigh na hÉireann, príosúnaigh phoblachtacha, chun báis i Mí Eanáir 1923, ar ordú fórsaí frith-poblachtacha an Saorstát (‘Free’ State).
Níor mharaigh na Sasanaigh an mhéid sin tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916… sin an nimh a bhí ag lucht an tSaorstáit iontu.
Is ar fhoréigean i gcoinne iad siúd a throid ar son na poblachta, ar son neamhspleáchas na tíre, a bhunaíodh rialtas Teach Laighean. Is trí fheall agus caimiléireacht a bhunaíodh an stát, agus, nach mar sin atá siad ag rialú os ár gcoinn ó shin?
Ach, mar a dúirt an Piarsach…
“The defenders of the realm have worked well in secret and in the open. They think they have pacified Ireland. They think that they have purchased half of us and intimidated the other…”
agus, is léir, gur éirigh leo, isteach is amach, go dtí seo.
Ach níl deireadh tagtha fós, fad is atá Éireannach amháin beo atá sásta an fód a sheasamh tá seans ann.
Mar a dheireann sé i bhForógra na Poblachta:
“ní féidir é a chealú go deo, ach amháin trí dhíothú mhuintir na hÉireann.”
Ní tharlóidh san.