THE PEOPLE'S PAPER

Eagarfhocal

(as eagrán uimhir #059, Samhain 2024)

An gcreidinn aoinne gur féidir linn an saol a athrú trí toghcháin?

Bíonn an deis seo againn gach aon chúpla bliain, agus, tá cead ag aoinne seasamh… ach, an é seo bun agus barr an daonlathas?

An é seo atá fágtha dúinn más maith linn athrú a dhéanamh ar pholasaí an stáit?

Níl i dtoghcháin ach uirlis amháin, ceann i measc réimse leathain d’áiseanna eile atá ag teastáil i gcóras, sula ndéarfaimid gur daonlathas atá againn.

Ní hionann daonlathas agus toghcháin a bheith againn.

Bíonn toghcháin againn, bíonn reifrinn ann, tá córas dlí agus cirt againn, tá meán againn atá in ainm is a bheith saor chun scéalta a fhiosrú agus chun an fhírinne a insint dúinn… ach, ach … an bhfuil an stuif seo ar fad lofa?

Uair amháin dúradh gur i gcomhthéacs aicmí áirithe a mhair an daonlathas, go raibh a leithéid is ‘daonlathas buirgeoiseach’ ann (faoin gcóras caipitleachais) agus ‘daonlathas prólatáireachta’ (faoi shóisialachas).

Ach, gan a bheith gafa i gconspóid idé-eolaíochta, fágfaimid an cheist sin don lucht acadúil. Is dóigh linn gur féidir leagan nua-aoiseach a chur ar an gceist, le seo:

Is i bhféin-chumhachtú na ndaoine a mhaireann an daonlathas, nuair is i lámha an phobail pholasaí an stát a shocrú tríd a chinntí féin.

Ach bí cinnte, ní hé daonlathas atá againn in Éirinn inniu, níl faic dhaonlathach mar geall ar an toghchán atá romhainn anois, ní ann, mar a deirimid, ach drámaíocht ‘Punch & Judy’.

Ach is ceist eile ar fad conas gur féidir linn an fíor-daonlathas a bhaint amach, agus is ag díriú ar seo atá mar phaidrín ag an bpáipéar seo.

Please SHARE on your Social Media platforms ...
Facebook
Twitter
LinkedIn
Telegram
WhatsApp
Email