THE PEOPLE'S PAPER

Eagarfhocal

(as eagrán uimhir #058, Deireadh Fómhair 2024)

Is le cúrsaí cáinaisnéise is mó atá muid ag plé agus an t-eagrán seo á gcur le chéile.

Tá sé dochreidte an méid airgead atá i gceist, agus go háirithe an farasbarr de níos mó ná €24 billiún ar fáil.

Tá ganntanais mhóra is measc an phobail, fiú líon mór de theaghlaigh ag dul ó sheachtain go seachtain gan a dhóthain bia acu. Tá nach mór 60,000 teaghlaigh ar liostaí feithimh le haghaidh tithíochta, agus níos mó fós ag lorg tithíochta ach nach bhfuil cáilithe chun bheith ar aon liosta.

D’fhéadadh an rialtas ana chuid a dhéanamh le €24 billiún, gan trácht ar an €105.4 billiúin eile atá ann.

Chur i gcás, dá dtógaimis go raibh costas €400,000 ar thigh nua le 3 seomra leaba a thógáil, bheimis in ann tigh breá nua a thabhairt, saor in aisce, do gach aoinne ar liosta feithimh. Ní dóigh linn go gcosnóidh tithe nua leath den phraghas sin dá mbeimid á dtógáil ar an scála sin, ach, léiríonn sé, dá mbeadh an toill pholaitiúil ann, d’fhéadfaimis athrú bunúsach a dhéanamh ar shaol ana chuid daoine.

Ach, ní mar sin a ritear buiséad ins an tír seo… scaipfear na pinginí i measc an phobail, agus coimeádfar na Euros móra dos na buiceanna móra, mar is gnáth.

Chreidinn na bPáirtithe Polaitiúla go bhfuil bub buailte acu orainn arís, dallamullóg trasna orainn, agus go n-éiríodh leo arís ins an olltoghcháin amach romhainn.
Agus, faraoir, seans go bhfuil an ceart acu – ach ní ghéilimis!

Please SHARE on your Social Media platforms ...
Facebook
Twitter
LinkedIn
Telegram
WhatsApp
Email