Eagarfhocal
(from Issue #057, September 2024)
An dea-scéal atá againn leis an eagrán seo ná go bhfuil an páipéar ar fáil ina hiomlán ar líne, agus is féidir le haoinne clárú, saor in aisce, chun Iris an Phobail a fháil go rialta ar rí-phost.
Is dul chun cinn mór é seo, tá neart oibre déanta thar tréimhse fhada chun é a chríochnú.
É sin ráite, cé go bhfuil an t-eagrán seo ar líne anois, agus tá uimhreacha 56 agus 55 ann leis, tógfaidh sé tamall eile sula mbeidh na sean páipéar ar fad churtha in airde againn. Chomh maith le sin, tá sé mar aidhm againn níos mó a fhoilsiú ar líne ná mar atá sa pháipéar clóbhuailte, mar tá spás sa bhreis ann.
Gan dabht, tá tráchtas againn ar an suíomh idirlíon atá ag dul siar chomh fada le 2011, nuair a bhunaíodh An Chomhdháil Phobail don chéad uair – beidh teacht ar sin diaidh ar ndiaidh, de réir mar is féidir linn ar a chur in airde.
Chomh maith leis sin, tá orainn athrú a dhéanamh chun costais an pháipéir a mhaolú. As seo amach iarraimid ar daoine a dteastaíonn uathu leagan clóbhuailte den pháipéar a fháil tríd an phost síntiús a híoc – tá praghasanna ar líne.
Ach, i ndeireadh lae, fós, ba mhaith linn go dtógfaidh daoine an páipéar clóbhuailte chun é a scaipeadh i pé slí ina bhfuil siad in ann.
Cuimhnigh, ’sé an príomh aidhm atá againn leis an bpáipéar ná go mbeadh sé mar áis d’aoinne atá ag iarraidh gníomhú i measc an phobail ar bhonn polaitiúil – ní maith linn go gcuirfidh airgead isteach ar sin.