THE PEOPLE'S PAPER

Eagarfhocal

(from Issue #055, April / May 2024)

Caithfidh go bhfuil deis ann d’aoinne atá sásta dul san iomaíocht ins na toghcháin atá amach romhainn.

Is deis é buille a thabhairt dos na páirtithe, don rialtas féin, agus do pháirtithe an freasúra freisin – mar is léir nár seasann aoinne acu ar leas an phobail.

Cé nach bhfuil gluaiseacht aontaithe i measc an phobail fós, ceann eagraithe le ballraíocht réasúnta mór, chun ár n-aidhmeanna a chur chun tosaigh, is deis dúinn na toghcháin áitiúil agus Eorpach fós.

D’fheadfaimis féachaint orthu mar triall don céad oll thoghcháin Dála eile, a tharlóidh taobh istigh de bhliain eile.

Tar éis toradh na reifreann a bhí againn ar an 8 Márta, agus an t-easaontas atá i measc na dTeachtaí Dála, agus chuid mhaith acu ag éirí as ag deireadh an téarma seo, tá spás oscailte do rud éigean nua.

Ach is fusa an cheist sin a chur, ná é a fhreagrú … ach beidh céim chun tosaigh tógtha againn.

Níl aon dabht, ach go mbeidh orainn leanúint len ár gcuid oibre ina dhiaidh – go dtí sin, slán.

Please SHARE on your Social Media platforms ...
Facebook
Twitter
LinkedIn
Telegram
WhatsApp
Email