THE PEOPLE'S PAPER

Eagarfhocal

(from Issue #054, March 2024)

Ag druidim i dtreo comóradh Éirí Amach na Cásca atá muid ag an am seo bliana, ag tabhairt chun cuimhne ár sinsear féin agus na mílte eile a sheas an fód ar son na saoirse.

Ach arís, iarrfaimid, cad is fiú an troid a dhineadar?

Dá mbeidís beo inniu ní chreidfidís cad atá tharla d’Éireann agus dúinne.

Ní haon rud nua é na laethanta seo, ach nuair chualamar scéal Ann Doherty, an tragóid, bain sé geit uainn.

An é seo mar atá an saol anois againn?

An bhfuilimid sásta go bhfuil neamhaird á dhéanamh ar dhaoine atá lag, nó ar bheagán, daoine gan aoinne chun seas agus a chás a throid?

Tá a fhios agam glan, ní hé seo a bhí ar intinn ag an bPiarsach nó ag aon cheann des na hÓglaigh, nuair a shiúladar amach ar Luan Cásca chun aghaidh a thabhairt ar impireacht Sasana.

Ach cad faoi?

An bhfuil aon leigheas air?

Is léir nach bhfuil pobal na tíre éirithe i réabhlóid fós, ach is é sin díreach cad atá ag teastáil.

Réabhlóid chun bunaíocht an tsochaí a casadh os a chionn, chun fáil réidh leis na grúpaí suimithe agus na bPáirtithe i dTeach Laighean.

Mar a dúirt an bPiarsach linn, in aiste ‘The Sovereign People’:

“Let no man be mistaken as to who will be lord in Ireland when Ireland is free.
The people will be lord and master.”

Please SHARE on your Social Media platforms ...
Facebook
Twitter
LinkedIn
Telegram
WhatsApp
Email