(from Issue #053, Februry 2024)
Eagarfhocal
Is ag treabhadh an gort céanna atá muid i gcónaí, ag iarraidh cás an phobail a chur chun cinn.
Ach tá an saol in Éirinn ag dul in olcas, agus gach cosúlacht ann gur mar sinn a leanfaidh sé.
Beagán ar bheagán, tá spioraid, anam agus i ndeireadh lae, ár náisiúin agus gach aon rud atá againn faoi ionsaí.
Le déanaí, is iad na feirmeoirí atá i mbun agóid, ag seasamh len a chomhlachaithe ar Mhór-Roinn na hEorpa – mar tá na fadhbanna céanna acu.
Tá géarchéim airgeadas leanúnach againn le dhá scór bliain anois, géarchéim tithíochta agus easpa seirbhísí sláinte, tá imní agus míshuaimhneas ar dhaoine.
Tá an t-ionsaí seo dírithe orainn chun muid a bhriseadh mar phobail, phobail a cheapann go bhfuil aon chearta againn, agus gur linne Éire agus gach aon rud atá inti.
Seo an domhanachas, nó Globalism, atá á bhrú orainn ón tAontas Eorpach.
Ní ar mhaithe linn atá an gluaiseacht dhomhanda seo, ach i seirbhís dos na grúpaí suimithe, an aicme shaibhir.
Tá an t-impiriúlachas beo fiachbhar ar an domhan fós, agus beidh, go dtí go gcuirfear deireadh leis… tosóimid in Eirinn…