THE PEOPLE'S PAPER

( from Issue #50, November 2023 )

Eagarfhocal

Is í crua chás na Palaistínigh an scéal is mó faoi láthair, tá daoine scanraithe ag féachaint ar scannáin ó Gaza agus an léirscrios atá á dhéanamh ar an áit.

Faraor, ní haon rud nua atá ann, tá an rud céanna á dhéanamh ag an Iosrael le glúinta agus níor chuir aoinne bac orthu.

Dar linn, ós é go raibh páirt acu i mbunú Iosrael i 1948 caithfidh Na Náisiúin Aontaithe seasamh isteach anois agus rud éigean substaintiúil agus críochniúil a dhéanamh.

Is dóigh linn gur gá fórsa mhíleata idirnáisiúnta a chur isteach (le cead ó na Palaistínigh) a chuirfidh smacht ar Iosrael, agus, tríd an bhfórsa céanna, iad a bhrú siar don teorainn mar a bhí sé i 1967 – ag tosach a Sé Lá Cogaidh.

Nach bhfuil a leithead déanta i dtíortha agus in áiteanna eile?

Mura seasann Na Náisiúin Aontaithe le muintir an Phalaistín anois ní dóigh liom go mbeidh rian ar bith nó cumhacht de Chonradh Bhunaigh a dhin tíortha an domhain i 1945 fágtha.

Ghuífimis síocháin ar Gaza agus ar an bPalaistíne.

Please SHARE on your Social Media platforms ...
Facebook
Twitter
LinkedIn
Telegram
WhatsApp
Email