Article taken from Issue #4 of THE PEOPLE’S PAPER.
Le seo, an chéad eagrán clóbhuailte den iris, tá céim mhór chun tosaigh tógtha againn.
Tá muid ag dul amuigh i measc an phobail chun mór ceisteanna ár linne a phlé agus chun dul i mbun gníomh.
An gníomh atá i gceist againn ná chun cinntiú go gcloisfear glór an gnáth duine, agus muid ag tabhairt faoi fhadhbanna móra na tíre.
Ó bhunú an stáit, cuireadh toill na daoine ar leataobh agus gabh grúpaí suimithe, tríd na Páirtithe Polaitiúla, greim docht daingean ar chúrsaí eacnamaíochta agus pholaitíochta.
Is mar sin atá sé ó shin, agus mar a bheidh, go dtí go seasann cos muintir na tíre ar ár leasa féin.
Cuirfimid fáilte roimh aoinne a seasfaidh an fód linn sa ghníomhaíocht seo.
Bí i dteagmháil linn…
Mar a deirtear, is ar scáth a chéile a mhairimid.